Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 269](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_269.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 269
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lá déág de Lughnasa beidh sé go han mhaith agus beidh leigheas ann ac m cuirtear lá 'le Padraig é agus mas rud é nach baintear ar an gcúigeadh lá déag de Lughnasa é beidh sé feochta agus ní bheidh aon mhaith ann. Má cuirtear prátaí ar Aoine an Chéásta beidh siad go han mhaith.
Laethennta na bó riabhaiche = Sin iad an dá lá dheiridh de mhí Márta agus an chéad lá de mhí Aibreáin. Bhí bó riabhach ann fadó agus chuir sí an Márta dhi gan an bás dá breith agus nuair a chuir thug sí dubhshlán fé Mhárta gan aon dá chuid do dhéanamh as san amach. Annsin bailigh an Mhárta na gaotha go léir chuige ach theip air an bhó do mharbhughadh ach do fuair sé lá ar iasacht ó Aibreán agus cailleadh an tsean bhó riabhach le fuacht is le stoirm an tríomhadh lae.
Bíonn " The Harvest of the Geese " againn i mí Deireadh Foghmhair. Nuair a bhíonn an coirce istigh san ngarrdha téigeann na géana amach go dtí (-)
Deireann na sean daoine nach mbeidh aon nídh a teastail ó dhuine a rugadh i mí na Nodlag
Deireann siad freisin:-Born on Monday fair in the face,
Born on Tuesday full of Gods grace,
Born on Wednesday merry and glad,
Born on Thursday sour and sad,
Born on Friday Godly given,
Born on Saturday work for your living(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin