Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 271
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na tincéirí agus taid an-droch-mhúinte is cuid eile díobh agus bíonn siad deagh-mhúinte. Cuirtear fáilte roimh na daoine deagh-mhúinte ach sé a mhalairt a bhíonn roimh na daoine droch-mhúinte. Ní fhanann siad ins na tighthe anois cor ar bith ach bíonn sórt " tents " aca amuigh ar thaobh an bóthair déanta as malaí agus bíomaí. Fadó bhíodh siad ins na tighthe ar feadh oidhche amháin agus bhí ortha imtheacht ar maidin. Anois téigheann siad thart sa ló ag iarraidh rudaí le nithe agus annsin má fhaghann siad plúr nó bagún ullmhuigheann siad é ag deire a' lae. Siad seo na rudaí a gheibheann siad plúr, tae, siúcra, bainne, bagún agus sean bhróga nó sean éadaigh. Sé an chaoi a théigheann siad ó áit go háit ná ar chairt. Siad na daoine a thagadh go dtí an ceanntar seo fadó ná:-Na mnáMáire Bolds
Máire Feeney,
Máire Connolly,
Kitty O Hara,
Nellie na hOlnaNa firRichard O'Neill
Aodh De Lace,
Micheal Connolly,
Myles O h-Ára
Thagadh gach dream díobh beagnach as Co. na Midhe agus as Béal an Atha Mhóir. Anois ní bhíonn mná déirce thart annseo cor ar bith. Ní thagann siad ach uair sa bhliadhain má bhíonn an aimsear go breagh. Ní innsigheann siad sgéalta i dtaobh áiteacha eile in aon chor ach má fhagainn siad deirc imthigheann siad ar an noimeat.- Bailitheoir
- Brighid Ní Siordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin