Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 274
- XML “Liosanna”
- XML “Filí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tabhair dom capall. Nuair a chuala sé é sin dubhairt sé an rud céádna. Níorbh fhada go raibh sé ar mhuin capaill. D'fiafruigh siad de ar mhaith leis dul in aon áit agus dubhairt sé gur mhaith leis dul go dtí An Spáinn.
Chuaidh sé go dtí an tír sin agus cheannuigh éadach i gcóir cóta dá (-). Bhí sé in a theach féin sul a raibh an suipéar réidh ag bean-a-tighe. - Bhí cuid mhaith filí sa cheanntar seo fadó. Scríobh siad dánta i dtaobh rudaí a thuit amach thart annseo is annsúid. File do beadh Tomás Mac Samhráin as Gub agus Toirdealbhach. Mac Samhráin as Corrabha agus suibhalóir an-mhaith a bheadh Tomás freisin. Bhí fear in a chomhnuidhe thart annseo agus sé an tainm a bhí air na Sean Sheeran. File an-mhaith a bhí os an phríosúin in aimsear na ndithshealbhugha. Bhí cúigear fear déag as Gleann-Gaibhlleann agus an méid céadna as Largue sa phrísúin. Seo iad ainmneacha na ndaoine as Gleann Gaibhleann ná Tadhg Ó Doláin as Gub, Peadar Mac Samhráin as Derrylahan, Séamus Mac Samhráin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin