Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tráth amháin dá dtéigheadh fear le trí capaill dhubha go dtí an loch nach mbeadh sé deacair air an próca a thógáil aníos as an uisge. Dubairt fear go rachadh seisean agus maidin amháin bhí sé ar a chosa go han mhoch - sul a raibh breacadh a' lae ann. As go bráth leis ar nós na gaithe agus fir eile in éinfeacht leis is an trúir aca ag marcuidheacht ar thrí chaiple dubha. Nuair a bhaineadar Loch an Charraig amach bhíodar tuirseach sáruighthe ach mar sin féin bhí áthas ortha ag cuimhneamh ar an spórt a bhéadh aca ag roinnt an óir ar a chéile. Thosuigheadar ag obair go cruaidh. Chuireadar cromóga isteach san uisge agus thosuigh na caiple a tarraingt. Níorbh fhada go bhfacthas clár an phróicín ar bharr an uisge. Bhí na caiple a' tarraingt is a' tarraingt ach theip ortha an pota d'fhághail. Bhí na fir ag éirghe tuirseach agus nuair a bhíodar ag imtheacht chuimhnigheadar ar an rud adubhradh leo - trí capaill dhubha gan oiread is gruaig bán in aon chapall díobh d'fhéach fear amháin ar gach capall agus sa deire chonnaic sé go raibh ribe gruaige báine i gcapall amhain. Theip ortha an t'ór d'fhághail agus b'éigean dóibh dul abhaile agus a lámha chomh fada is a bhí siad nuair a bhíodar a tigheacht. Tá an thór sa loch fós is an capall dubh a chosaint.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin