Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl ach cúpla tobar beannuighthe in mo pharóiste. Níl siad ins an pharóiste ach tá siad gar dó. Tá ceann amháin i mbaile Corratobar in aice le sráidbhaile Damhsraith - Ceann eile in aice le Béal Cú agus tugtar " An Holly Well " air sin. Tá ceann eile dhá mhíle ó Béál an Átha Mhóir i mbaile "Oughteraugh". Téigheann na daoine go dtí an tobar in Damhsrath ar an gcúigeadh lá déág de mhí Lughnasa. Téigheann daoine eile go dtí Béal Cú ar an Satharn deireannach de mhí Iúil agus téighid go dtí Ougheraugh ar an gcéad lá de mhí Feabhra - Lá' le Brigde.
    Ní théigheann daoine go dtí Corratobar - sine é an tainm atá ar an tobar gar do Damhshrath - anois cor ar bith mar seascadh bliadhain ó shoin bhí teach dighe in aice leis an tobar agus bhíodh daoine ag ól ann agus annsin nuair a bhíodh siad ar meisce thosuigheadh siad a' troid is ag argóint le chéile. Annsin d'órduigh na sagairt is an t-Eabog é a dhúnadh ar fad. Níl an teach sin ann anois in aon chor.
    Téigheann daoine go dtí Béal an Átha Mhór fós ar an gcéád lá de Feabhra ach is annamh a théigheann daoine go dtí " An Holly Well ". Théigheadh siad thart ar an dtobar trí huaire agus bhíodh An Coróin Mhuire a rádh aca i mbaile Corratobar. Ach ag an tobar i mbéal Cú is fé droichead a shuibhailidís - tríd an uisge. Annsin ag Béal an Átha Mhóir tógaid lán cupáin den uisge agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin