Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tugtar "The heart herb" air. Fásann bláth gorm ar an luibh. Bhí leigheas aca i gcoir an treaghaid. Gheibhidís préamhaca na méaracán púca agus dheinidís iad a bheirbhiú i mbainne. Annsin d'ólfadh an duine tinn é sin ag dul chodladh dó.
    Bhaineadh siad úsáid as lus an tóiteáin (house leek) i gcóir súile tinne ar ainmhidhthe. Chuiridís an súgh isteach ins na súile ach bhí sé an chruaidh ar na hainmhidhthe.
    Bhí leigheas in aiteann freisin. Nuair a bhíodh peisteoga ins na hasail bhaineadh na daoine go leór aitinne agus bhíodh siad dá mnbualadh le giota adhmaid go dtí go mbíodh siad an-mhín. Annsin mheasgadh siad an stuf sin le coirce agus thugaidís le nithe do na hasail é.
    Bhí i bhfad níos mó leigheasanna ag na sean daoine seachas na cinn sin. Ba mhaith na dochtiúirí is na banaltraí iad ach mo léan níl mórán díobh in a mbeathaidh anois. Agus an chuid aca a thug cúl a gcinn dúinn agus atá imthighthe ar shlighe na fírinne níl againn le cur leo, ach slán agus beannacht go Rioghacht Gheal na Glóire agus gan dearmad a dhéanamh paidir a cur le na n-anam agus guidhe ar a son.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin