Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 307](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_307.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 307
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leagtar isteach i dtubán é. Annsin gheibhtear uisge glan agus glantar an bláthac as. Cuirtear salann air agus deintear é a dhéanamh suas i measgan nó i bprionntaí.Is minic a chualas na sean daoine a' rádh nár cheart dul isteach i dteach agus fód lasta a thabhairt amach leat as cúns bhíonn an maistreadh ar siubhal, ná deoch uisge a ól i rith ama na cuiginne. Ní cheart freisin dul isteach i dteach nuair a bhíonn an maistreadh ar siubhal gan cabhrú le bean a' tighe san obair ar eagla nach dtiocfadh an im ar an mbainne. Is minic a thárla sé nár tháinig aon im air. Cheap na daoine annsin go ndeachaidh an tim go teach éigin eile mar do síltí go mbíodh cumhacht ag daoine áirithe im tighe ar bith thabhairt leo. Nuair a thárlochadh rud mar sin bhí ar na daoine fios a chur ar an sagart sul a mbíodh an tim le fághail thar nais aca.Óltar cuid den bhláthaigh, Úsáidtear cuid eile de chun cacaí aráin a dhéanamh agus tugtar cuid eile de fós do na gamhna agus do na muca. Nuair a deintear leamhnacht agus bainne géar do mheasgadh ar a chéile agus iad do bheirbhadh deineann gruth agus meadhg díobh. Gruth a tugtar ar an gcuid is cnapóga den mheasgadh agus meadhg ar an gcuid is deoch de. Bíonn dath glas ar an mheidhg. Is maith an deoch é sin má ólann an té go bhfuil slaghdán air cupán maith de agu dul a chodhladh dó ach beidh air é féin a choiméad go han te ar eagla go mbéadh sé níos measa ná mar a bhí riamh.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin