Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 310](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_310.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 310
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is iomhdha nídh atá le feiceál annseo is annsiúd ar fud a' tighe - na builg, an tinneoin, píosaí iarainn, raspaí, órd, sean crúidhtheacha capall agus rudaí eile nach iad. Sé nídh é na builg ná dhá phíosa adhmaid agus bolg mór leathair eatortha. Nuair a tógtar an lámh líontar na builg d'aer agus nuair a íslightear í séidhtear an taer sin suas tríd an teine. Cuireann an taer sin an teine ar dhearg lasadh. Cuireann an gabha crúidhtheacha fé caiple, fé asail agus is anróiteach an saoghal a bhíos aige - é ag obair ó mhoch na maidne go dtagann dorcadas na hoidhche aríst ach mar sin féin ní chloisfeá a' casaoid riamh é. Bhíonn sé lán tsásta leis an sórt saoghail a bhíonn aige. Sé an chaoi a chuireann sé crúidhtheacha fé chapall ná - baineann sé na sean chrúidhtheacha den chapll agus caitheann sé i leath taobh iad. Annsin gheibheann sé ráspa agus deineann sé crúb a' chapaill a pharáil. Sé an fáth a dheineann sé é sin ná chun é a dhéanamh mín réidh innus go luighfidh an crúdh nua go deas cothrom uirthi. Cheap mé go raibh an obair sin an-chruaidh ar an gcapall ach dubhairt an gabha nach raibh go raibh crúbh capaill cosamhail le ionga duine agus go bhféadfadh duine é a ghearradh gan pian ar bith. Rinne an gabhar crúdh nua cúns bhíos ann. As píosa iarainn seadh rinne sé é. Chuir sé an tiarann isteach sa teine agus nuair a bhí sé te thóg sé amach é le teannchar is chuir sé ar an inneoin é. Rud mór iarainn a beadh an tinneon agus bhí sé leathan ag taobh amháin agus caol ag an dtaobh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin