Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 344
- XML “Carn Cuimhne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl mórán carn cuimhne thart annseo. Tá ceann amháin ar Shliabh Cailceach agus tógadh é ós cionn duine éigin atá marbh. Bhí fir thart annseo tamall ó shoin agus ní dheachaidh siad ar lóistín cor-ar-bith ach thógadar bothóga de mhálaí agus d'adhmad agus nuair a bhí siad ag imtheacht as an áit thógadar carn cuimhne - ceann ar Shliabh Cailceach áit a raibh na bothóga agus ceann eile díreach ós a chomhair ar Sliabh an Iarainn. Deirtear go raibh ar chumas na bhfear Sasana a fheiceál ón carn cuimhne sin.
Clocha. Tá cloch ana-mhór ar Shlilabh an Iarainn agus shílfeá go bhfeádfá é a leagaint le druim do láimhne mar tá sé in a sheasamh ar choinneál. Tá fuirm láimhe agus cúig méaranna le feiceál ann agus is áluinn an radharc é. Seacht dtonnaí meadhcana atá ann. Deirtear gur chaith fáthach a bhí in Éirinn fadó an chloch mhór sin ó Arigna go Co. An Chabháin agus gur ísligh sé i mbaile ar a dtugtar Gleann-Eolas.
Sé an fáth go bhfuil fuirm na láimhe ann ná - Rug an fáthach ar an gcloich go daingean le na láimh dheis agus chaith sé é chomh fada uaigh agus bhí ar a chumas. Is breágh an radharc é agus nuair a thagann na laethe breaghtha fada agus teocht a' tSamhraidh thagann na sluaighte daoine ó áiteanna eile agus téighid go bárr an tsléibhe chun an taer folláin a shlogadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Garvalt Upper or Gub, Co. an Chabháin