Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 346
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhíodh alán saghasanna bídh ag na daoine - leite, nó praiseach agus min choirce beirbhthe ar uisge, bocstaig cistí déanta de phrataí agus iad beirbhthe in uisge. An mhaidin in a dhiaidh sin déantar é a fhrioctáil in éinfheacht le bágún. Bhíodh arán eile aca ar a dtugtar "Potato Cake" agus arán déanta as prátaí agus plúr measgtha tríd. Annsin déantar é a fhriochtáil agus ithtear é sa tráthnóna ag an an tae is é clúduighthe le im úr. Bhíodh arán eile aca déanta as min coirce. Tiormuigheadh siad an coirce i bpota ar an teine agus annsin bhí bróinte muilinn aca agus mheileadh siad an coirce go dtí go mbíodh sé an mhín. Is as sin a dheineadh siad an leite agus an tarán. Nuair a bhídís a' déanamh aráin mhin choirce bhíodh sort iarainn aca ar a dtugtai "bread-iron". Chuiridís an tiarann ós comhair na teine agus nuair a bhíodh sé go bréagh te chuiridís an tarán air chun é a bhacáil. Ghearradh siad fuirm croise san gcáca agus sé an fáth a bhí leis sin ná - bhéadh an cáca bacálta níos luaithe. Ins an arán fadó is uisge a chuireadh na daoine ann in ionad bláthach ach amháin san mboxty atá luaidhte cheana sa leabhar seo. Séa n tainm a bhí aca ar cháca bacálta os comhair na teine ná "bonoc". Bhí an tarán sin i bhfad níos fearr ná an sórt a bhíonn aca anois. Níl aon mhaitheas ins na builíní atá le fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin