Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 385
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bhfad ó shoin bhí mach Rí óg in Éirinn. Mac na nÉan an tainm a bhí ag na daoine air mar bhíodh sé ag seinnt go binn ar an gcláirsigh. Thuit sé in ghrádh le inghean Riogh eile ach níor thug an Rí cead dóibh pósadh. Lá amháin chuaidh sé ó na mhuinntir agus níor stad sé go dtáinig sé go loch atá in aice Blacklion. Bhí alán crainnte a' fás annsin agus ghearr sé iad agus chuir sé bárraí ins an dtalamch. Bhíodh sé a' seinnt ar an gcláirsigh gach lá chun an tam a chaitheamh. Taréis tamaill bhí an Rí agus an inghean agus a arm a' dul go Sligeach chun troid a dhéanamh i gcoinne Rí eile. Nuair a tháinig siad go dtí "Anagh Bog" in aice leis an loch chuir siad fútha i gcóir na hoidhche. Ins an oidhche chuala an inghean duine a' seinnt ar an gcláirsigh agus bhí fhios aice gurab é mac na n-Éan a bhí ann, bhí an ceol chomh deas sin. D'fhág sí "Annagh Bog" agus tháinig sí go mac na nÉan. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh sé go Sligeach leo. I rith an catha bhí Mac na nÉan a' seinnt agus mar gheall air sin fuair an Rí an bhuaidh. Chuaidh Mac na n-Éan arais go dtí a mhuinntir agus annsin thug an Rí cead dá inghin é a phósadh. Sin é an fáth go bhfuil "Loch Mac n-Éan mar ainm ar an áit ó shoin.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin