Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bacaor fuar marbh ar an láthair sin. Annsan do rug buachaill Fhinn ar bhulóig bheag agus ar bhulóíg mhóír agus d'imthig sé air agus níor fhan aon bhulóg beag na mór i dtig an bhacaora gan e leanamhaint. As go bráth leis go ndeaghaidh sé ag triall ar a mhaighistir agus do líon an tig isteach d'arán 'na dhiaidh. Do bhí iongnadh mór ar Fionn nuair a chonnaic sé na bulóga go léir ag bualadh isteach chuige in éinfeacht leis an mbuachaill. D'fhiafruig sé annsan do mbuachaill cionnus a fuair sé an t-arán go léir. D'innis an buachaill do gach aon rud fé mar a thuit amach dó.
"Seadh anois a mhaighistir" arsa an buachaill "a bhfuil aon ní eile in easnamh ort?"
"Ó mhuise" arsa Fionn "tá rud maith deunta agat acht 'na dhiaidh sin is uile dá mbeadh aon blúire feóla againn leis an arán so badh mhaith é"
"Beidh" arsa an buachaill "má tá aon blúire feóla sa cúirt ná in aon bhall timcheall uirrthe."Ritheann an buacaill an doras amach arís agus suas leis go dtí an righ. Léímeann sé cucha isteach agus dubhairt sé leo feóíl fhaghail dó féin agus dá mhaighistir i gcóír na h-oidhche. Dúbhradh leis dul go dti tig an cócaire. D'imthig sé air go dtí tig an cócaire agus dubhairt sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)