Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
- XML Leathanach 220
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- StoirmSéid stoirm in san ceanntar seo timcheall 36 blian o shoin. Is i mí na Samhna a tháinig sí nuair bí na cruaca go leír déanta ag na daoine. Is mór an díoghbháil a dhein sí. Do leag sí tighthe agus do leag sí cruaca féir ar na daoine. Do leag sí bothán le Meiceál O Griobhtha. Bh an oidhche ann nuair a táinigh sí agus do sheas sí ar feadh cúig uaire nó mar sin. B'eigin des na daoine fanuint 'na shuide ar feadh an cuid is mo de'n oidhche mar bhí eagla ortha go séideadh tighthe.
TiormachtBhí tiormacht in san ceanntar seo i mbliain 1932 ach níor dhein sí morán díoghbhála mar níor seas sí ach cúig seachtmhaine no mar sin. Mí Lughnasa a tháinig sí. Ní raibh aon uisge ins na h-aibhne na ins na srúthán agus is mór tobair a bhí tirm. B'eigin des na daoine dul bothar fada cun deoch d'fagail des na buaibh.
Toirneac agus TeinntreachTimcheall cúig blian o shoin bhí toirneach agus teinntreach in san ceanntar seo. Is i mí na Márta a tháinig sé. Do marbh sí trí ba le fear ata 'na chomnuidhe i Cul. Do chuaidh sí isteach fe'n doras agus amach trí fhuinneóg a bhí sa bóthan.(leanann ar an chéad leathanach eile)