Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí triúr Tuatha De Danann na gcómhnaidhe i gCill Bheatach fadó...”
45
Bhí triúr Tuatha se Danann na gcómhnaidhe i gCill Bheathach fadó agus bhí deirbhsiúir óg álainn chomh deas san nach dtabharfaidís d'aon fhear le pósadh í.
Bhí na fathaigh seo ag tabhairt aire dí ar talamh agus bhí píast mhór ag faire uirthe ar an bhFairrge amuigh ionas nár féidir d'aoine teacht chun í do ghoid.
Bhí fear óg álainn i gCiarraidhe le hais Breandáin a d'airigh trácht uirthe agus chuaidh se go draoi a bhí na chómhnaidhe le h-ais na háite sin.
Dubhairt an draoi leis go mbeadh na Fathaigh ag troid ar an taobh eile Dúin Bhig a leithead seo lá i gcoinnibh Stiophán, Concubhair agus Ruain agus dá bhrígh sin na beadh aoine sa bhaile agus thug se choineal dó agus an fhaid is bheadh an choineal ag lasadh, fanfadh an phiast na codhladh.
Nuair tháinig an la airighthe, fuair an fear óg neamhóg agus chuir sé sa bhfairrge: agus isteach ínnti leis agus las se an choineal agus treasna leis gur chuir sé i dtír i n-oileán na gCapall agus siar an bóthar leis go Ceann Léime.
Bhí an cailín óg sásta dul leis agus aniar an bóthar leó. chuadar isteach sa neamhóg. Las an fear an choineal acht nuair bhí sé lasta thug sé fé ndear go raibh níos mó ná a leath dóighthe agus dubhairt sé leis an gcailín gur Baile Bunáin an áit ba ghiorra dóibh agus go ndéanfaidís é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Bean Uí Chathain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Gurnán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ráth Úna Thoir, Co. an Chláir