Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 073](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_073.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 073
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhí aon lá riamh agus d'innis d'ón Ceithearnach tríd síos cionnus mar a thárlaidh di; cionnus mar do rug an Sluaigh Sidhe leo í agus go mb'iníon do ríogh Sliogigh í féin. "Raghaidh mé abhaile go dtí t'athair chun a thabhairt annso chugat" adúbhairt an Ceithearnach. "Ó, ná dein" ar sí "mar marbhócaidh m'athair thú dá mbeadh a fhios aige mise bheith annso agat". "Ní marbhócaidh" ar sé. Do ghléas sé é féin d'on bóthar agus d'imigh air 'is níor stad riamh go ráinig sé Cúirt riogh Sliogigh agus do dhein aimsear leis go ceann seacht mnbliain, ach sul a raibh leath an téarma sin caithe, d'éalaig sé, agus do rug leis an péire capaill a b'fhearr a bhí ag an righ. Nuair a fuair an rí scéala, ar é bheith imithe leis na capallaibh, bhí sé ar dearg bhuile, agus do chuir fios ar a lucht armála láithreach chun dul ar a thóir. Bhí an Ceithearnach i bhfad chun tosaigh air annsan agus nuair do ránag sé Trágha na Croise, bhí an mhuir amach, agus ní raibh aon mhoill air a' dul trasna ach an uair do ránag an rí 'an trágha bhí an mhuir isteach, agus b'éigean dó dul timpeall do Droichead na Coran Duibhe. Annsan nuair a chonnaic an Ceithearnach rí Sliogadh 's a mhuinntir a' teacht dubhairt sé le h'inghean an ríogh fanacht a bhfeidil an tighe 'is go raghadh sé amach chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Aongusa
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir