Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)104
...sé isteach go dtí feirmeóir mhór láidir agus d'iarr sé lóistín agus do fuair. Annsa chainnt dóibh cois na teineadh d'fhiafruigh sé de a mbeadh a fhios aige aoinne go mbeadh buachaill aimsire uaidh.
"Tá a fhios go maith," a dúbhairt an feirmeoir. "Tá a leithéad uaim feineach. Bhfuil tú ábalta an ghnó feirmeora deanaibh," a dúbhairt sé."Táim," ar sé mar is mac feirmeóra mé féineach.
Cad do sheól an bóthar tú mar sin, a dúbhairt an feirmeóir. Tá oiread ag baile im dhiaidh agus deanfadh an gnó im' eaghmais," adúbhairt sé, mar do cheap mé dul a déanamh do'm féineach".
Ní raibh aoinne annsa teich achan feirmeóir, a bhean agus a ingean. Nuair a bhí sé
tamall ag obair ann do thaithin a chuid oibre leis a' bhfeirmeoir agus dúbhairt sé, "ní h-e an chéad uair é a bhuachaill maith a' feirmeóireacht". "Ní hé" dúbhairt an buachaill. Bhí sé annsa teigh seo os cíonn bliadhna ag obair 'sa gnó nuair a ghlaodhach inghean an fheirmeóra air isteach chum dinnéir. Bhíodh sí breágh, brio?ch, pléisiúrdha leis. Ní raibh sé i bhfad ann, nuair a d'fiafruigh sí a ainm 'sa shloinne dhe agus 'nis sé dí é.
Ní raibh i gcionn tamaill mhóir 'na dheabhaidh san, chuaidh an feirmeóir do'n bhaile mhór ba giorra dó. Connaic sé curtha suas billí agus céad púnt do'n té dheanadh spideóireacht ar a mbuachaill seo. Chuaidh sé go dtí barraic na bpíleirí annsan fuair sé cuid airgid agus dubhairt sé go raibh a leithead sin de bhuachaill aige feineach.
Chuaidh an buachaill amach ag obair a la'r...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhathghamna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir