Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 105](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_105.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 105
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)105
... na bháireach agus nuair a ghlaoidh inghean an feirmeóra isteach air chum dinnéir, thug sí isteach sa párlús é agus ní raibh sí ábalta as dada chainnt a thabhairt dó, mar bhí a fhios go raibh sé díolta go n-a h-athair.
Níl tú chomh cainntaech indiú a ghrádh ars an buachaill agus bhí tú le tamaill roimhe sin. Nuair a d'fheach sé uirthi chonnaic sé na deórachateacht ó na súilibh. Cad atá indiú ort a ghrádh breis ar aon láfós adubhairt sé. Níl a dada a dúbhairt sí.
"Tá", dubhairt sé agus ní chreidfinnse tú nó go bhfuil rud eicint suas. Má atá dúbhairt sé ná ceil orm é. Is deacair dom é 'insinnt duit," adúbhairt sí.
"Tá tú díolta ag m'athair ó an uair a bhí sé sa mbaile mór."
"Níl aon dioghbháil annsan,"
adúbhairt sé.I gcionn trí nó ceathair oidhcheanta dó ghluais na píléiridhe tímpcheall a tighe, go dtí an feirmeoir, mar a raibh an buachaill. Bhí píléiridhe i ngach doras sa teich agus na dóirse dúnta. Chnagadar amuigh i gcionn
des' na dóirse agus ní scaoileadh fear a'tighe isteach iad mar bhí a fhios aige gur ab'iad na píleiridhe bhí amuigh.
"Cia h-iad seo amuigh atá teacht timpcheall mo thighe anocht im robáil," adúbhairt a ferimeóir. Bhí ab buachaill sa tseómra agus é ag éisteacht leis an bhfeirmeóir. Phreab sé aníar as a seómra agus dubhairt sé "na scaoilfea 'steach na feara san amuigh atá teacht ad' robáil.
D'oscail an buachaill an doras agus tháinig triúr píléiridhe isteach agus ní rabhadar ach istigh ar...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhathghamna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir