Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 232
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhaile é & cuireadh í gciseán ós cionn teine é chun é do thiormú. Tlúgháladh dhá uair é le tlúgh-lín (cos ramhainne le moirtís in a lár & teanga beag adhmaid ós cionn na moirtíse sin, a bhí mar thlúgh-lín aca). Deineadh é do sníomh annsan le tuirne lín & deineadh ceirtlín de. Tugadh go dtí an fígheadóir annsan é chun é d'fíghe ar sheol. Bhí alán fígheadóirí sa ndúthaigh seo san úair sin.
Pat Winters ("Pádraigh a Geimhridh") a tháinigh ó thúaisceart na hÉireann & a bhí ag cur fé í gCrois (Carraig a Chabhaltaig), beirt de Mhuinntir Bhreathnach ó Cíarraídhe in a gcómhnuidhe i Lisín (Cill-Caoíde) (Co an Cláir), James Connors, Doonaha, Pat Dundon, Querrin, Tom Mangan, Tullaroe, Cussen i gCúrsín. Keane i dTearmain. "Mick Taidhgh" i gCill Ruis no "Macteigue".4. Deanamh éadach olna
Béarradh an chaora & nígheadh an t-olann. Triomuígheadh é & deineadh é do chárdáil. Sníomhadh annsan é le túirnín olna. Dheinidís dathanna ar leith as planndaí mar fraoch (& rl & chuiridís an) Croiceann na Daraíghe & rl chun na snáithe olna do dhathadh. Bheirbhidís íad, cúanach fraoch & rl & cuiridís an t-olann isteach ionnta. Cuireadh go dtí fígheadóir annsan é chun é d'fígheadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairtín Ó Cadhlaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir