Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 249](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_249.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 249
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 249
- XML “Nósanna na Nollag”
- XML “Nósanna na Nollag - Fíon den Uisce”
- XML “Nósanna na Nollag - Fíon den Uisce”
- XML “Nósanna na Nollag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Creidtear go ndeintear fíon d'uisge na dtobar ar Oichche na Nodlag bige. um Meadhon Oidhche. Bhí fir ag imirt cártaí ar an oichche sin uair amháin tháinig tart ortha agus chuireadar an cailín aimsire amach go dtí an tobar fé dhéin buicéid uisge. Nuair a tháinigh sí isteach cas a bhí aicí acht buicéad fíona. D'óladar é agus chuireadar amach arís í fe dhéin a tuille fíona. D'imhthigh sí acht tásc no tuairisg dí ni fachthas riamh o'shoin.Maura Walsh
Doonaha - Deirtear fós gur as gach re tobar a dheintear an fíon agus má goideann fear le tobar gan fíon ann an fíon ón bhfear eile gheobhaidh sé bás i rith na bliana sin.
- Ní cheart arán na uisce do chaitheamh amach ar lá Coille nó beidh tart is ocras ort i rith na bliana nua.
Hansel Monday a tugtar ar an gcéad Luain i mí Eanair. Is adhmharach an rud e féirin d'faghail nó bonn airgid ar an lá sin. Beidh fluirse airgid agat i rith na bliana nua. Ní h-ádhmharach é aon chaiththeacas mór a bheith agat nó rud daor do cheannach ar an lá sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)