Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- GÁIRLEÓG FHIADHAINBeirbhightear le siúicre donn í agus tugtar do chapall go mbionn "Butts" aige agus do bhuaibh go mbionn "Red Murrain" aca. Boiled and given in a drink of milk to them.
NEANNTÓGABeirbhightear íad agus tugtar do thurcaithe chun "An Chinn Deirg" do thabhairt amach ortha. Tá leigheas don triuch ionnta acht céirín a dhéanamh díobh agus íad do cáitheamh tímceall ded' mhuinéal. Ithtear íad (nuair bhíonn cabáiste gann) le bágún.
GROUND IVYÚsáidtear é chun smál do thógaint as éadach gorm. Fásann sé ar thaobh claidhe. Beirbhigtear é agus níghthear an t-éadach sa súghlach.
AN SLÁNLUSCuirtear le cneadha é chun na fola do stopadh
CUPÓGCimilíghtear í le loscadh neanntoíge í. Fásann sí ar droch-thalamh
CRÓCH PATRICKLeigheas ann do fhuactáin (chilblains). Beirbhíghtear é agus tugtar an súghlac do laogh go mbíonn an "Scour" aca
MULLEN PLANTÚsáidtear an duilleóg chun cothuighthe (?) muc. Gearrtár é agus measctar le min coirce e
CAISREABHÁN DEARGChun reamhraithe muc. Also in poultice for Ringworm
"Dale" ?Fásann sé sa sámhradh. Téigheann na fréamhacha go doimhin san tír (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Power
- Faisnéiseoir
- Scanlan