Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 268](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_268.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 268
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 268
- XML “Filí na hÁite”
- XML “Filí na hÁite - Seán de hÓrdha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shun all evil company
Your pledge for to record
And heaven will protect you
Now and forever more
Taken down by James Haugh from an old man - who had memorised it from an old ballad. - Mhair sé breis is chéád bliadhain ó shoin. Bhí tigín aige agus ag a athair roimhe - gaibhne ab' eadh íad - in aice leis an aít go dtugtar Crosaire de hÓrdha uirthí fós. Fuair an duine deireannach den treabh sin - Séamas de hÓrdha - bás 10 mbliana ó shoin. Duine de chúpla ab' eadh Seán acht ní fios duínn cad do bhain don leath-chúpla eile. File chumasach ab' eadh Seán agus tá árd-cháil ar a "Aithrighe" go dtí an lá indiú acht do scríobh sé cúpla rann eile.
1) Do bhí Sagart sa pharoíste le linn sin agus bhiodh sé feín agus Seán an-cáirddiul le n-a chéile. D'aitsrigheadh an Sagart sin go h-Inis agus dubhairt Sé le Seán teacht isteach ar chuaird cuighe aon uair a bheadh sé in-Inis.Tamall 'na dhiaidh sín bhí aonac in-Inis agus chuaidh Seán ann agus ghlaoidh sé isteac ar an Sagart agus triúr eile in-éinfheacht leis. Chonnaich an Sagart ag teacht íad agus dubhairt sé leis an Seirbhíseach gan acht prátaí agus salann a thabhairt doíbh agus chuaidh sé féin i bhfolach. Nuair a bhíodar ag an mbórd tháinigh an Sagart isteach agus d'fiafruigh Sé dhíobh cerb' íad agus cad as íad.
Arsa Seán leis:-"FEAR ÓN IARTHAR ME ATÁ AG TRIALL AR AONACTeacht gan cuireadh gan iarraidh ní dheaghas riamh dá éileamhB'olc an biadh do bhí ann agus riaradh caol éIs ní mhairfinn mé feín fé riar na cleíre"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mártan Treaghain
- Inscne
- Fireann