Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar is peacach mé bhí Scannlach síor
droch- bheartach fíor mhalluighte
Is na tagair-se baois bheartach an tsaoghail
ar m'anam le linn scartha liom.iii. Screadaim is éigin, aithchím go séim
Ar Mhuire 's a haon Mhac Chalma
Teacht Sealad fé dhéig m'anama pléid
Is a chosaint ón maor malluighte,
Deisciobail De 's a gcairid go léir.
Im' tharraing 'san réim bheannuighte
Mo bhearta ar an saoghal cealgach claon
Gaingeadach baoth do maithead dom.iv. A Dhia atá thuas feach orm anuas
Is reidhtigh mo ghuais anfaidh
Acht leig mé go Suanmhar sásta id ' chuan
Gléigheal buan tseasmhach
A thíghearna na mbuadh dein orm truagh
Ar theacht don uair mharbtha
Is ná leig mise uait feinig le fuath
i bpéin le sluagh acharoin.v. Is deocair dom labhairt leat sa gan dabht
Ag tagairt do chabhair chalma
Is gur fada mé ag treabhadh treasna le fonn
I gcoinne do mhodhmhail -aitheanna
Níl ins an dómhan fhairsing, mo lom
Peacach le togadh is measa loit
Ná mise tá bodhar balbh im' lobhar
Ceanngailte agam ndream mhalluighte.vi. Ní lia le rádh gainimh ar thráig
Ná drúcht ar bhárr ghlasrach
Ná peacach le suigheamh ar m'anam foirior!
Ceangailte im' chroidhe chalcaighthe
Is mór liom a dtrian rómham 'san tsliabh
Acht ní fhoghnann ciach eagla
Is gur mó íad le leigheamh grásta Mhic De
Ná a ndearna an saighal d'ain bfios.vii. Molaim-se Dia thar a bhfeaca me riamh
Is Muire bhain tighearna aithchím-sé
Peadar is Pól, is na naoimh eile leo.
Is tusa gan ghó A Athair Dhil
Admhuighim dóibh do Mhicheal agus d'Eoin
Is dos na abstalaibh ró- bheannuighte
Gur pheacuigheas dom' dheoin 'im smaointibh go mór
Im' ghnomharthaibh 's im ghlór labharthar.viii. Am t-ubhar ar dtús an tsainnt is an drúis
An craos is an rún feargach
Formad an tsaoghail is an leisce go léir
Ni scarann liom féin aga ar bith
Nách mairg don té mhaireas mar mé
Is nach dána an gnó do dhuine- dem' sort
Tagairt ar choróin flaithis d'faghail.(leanann ar an chéad leathanach eile)