Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gabháil thar Lios na Falainge arís nuair do chuala sé an Sluagh-sidhe ag seanchas arís. "Bliain is an lá indiú do Sciob Ceithearnach an cailín uainn" arsa duine aca. " Cad é an maitheas do í " arse duine eile már na fuil focal cainnte aicí dó" "A" arsan triú sidheóg "dá mbeadh trí braoin as an gcorn dighe seo 'gainne do bheadh an chainnt aicí cómh maith is a bhí aon la ariamh".Ar chlos sin dó do chuaidh sé isteach agus thug leis as an líos an t-éadach- cláir is a raibh ann. Thug sé na trí deochanna don chailín and lom laithreach do bhí an chainnt cómh maith aicí is a bhí aon lá riamh.D'innis sí an sgéal do gurbh í inghean an Íarla Sligighe í gur sciob na sideóga ó na h-athair í na blianta roimhe seo. "Ragadh go dtí t'athair agus bearfad annso é "arsan Ceitheranach "Ó na deir " arsan Cailín "Marbhócaidh m'athair tú mar cuirfidh sé an milleán ort mé bheith annso leat".Acht d'imthigh sé go cuirt an Íarla Sligighe agus gheall sé go bhfanfad sé leis mar saighdiúir go ceann seacht mblian. Acht fé raibh leath an ré sin caite d'éaluigh sé agus thug leisean peire capall ab'fhearr a bhí ag an Rí. Tháinig an RÍ t-Iarla agus a laochra ar a dtóir acht níor éirigh leo coiméad suas leis cé go raibh sé i radharc i gcomnuidhe. Nuair do Sroic Ceithearnach an "Tráigh na Croise" bhí sé ar a chumas dul thar an gcaol uisge fé raibh sé 'na lán -mhara acht ní raibh sé ar chumas an Iarla agus b'éigean dó dul thar Droichead na Cora Duibhe.Nuair do shrois an tIarla Dún an Ceithearnaigh agus nuair chonnaic sé a shaidhbhreas agus a laochra do maoluigheadh a chocht feirge. Tháinig an C. amach agus fearadh na mílte fáilte roimhe. D'iarr an tIarla ar a fhear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dan Mc Inerney
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Smith (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir