Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag tiomaínd BÓ deirtear "Haba" agus nuair bhíonn síad ag dul isteach sa mbothán deirtear "Hi isteach" ("high")Ag dul idir dhá bhuin deirtear "NASC" nó "Set over" agus scarann sIad annsan na ba ag rith uait ro-mhear deirtear "DEISE" chun íad a stopadh agus "TWEEN" "TWEEN" chun glaodhadh ortha.Chun CAPALL no ASAL do stopadh deirtear "WEE" nó "WO".
Chun íad do chur ag gluaiseacht deirtear "HÍ UP" agus deintear fuaim le teangain agus fiacla "TIOUCH" "TIOUCH". Capall ag dul ró mhear deirtear "SOBER".Uaireannta glaodhtar cearca agus sicíní le "TIOC" "TIOC" agus geánna agus turcaithe le "BEÁIDÍ" "BEÁIDÍ" agus chun ruaigheart do chur ar chearca "HÍ KUK" (high kuk). Do cat "CUIT AMAC" agus do mhadra "WADRA". Glaodtar turcaithe le "BÍ - BÍ". Cuirtear ruaigeart ar muca le "SÍTH" agus "HUIRIS". Uaireannta dheintear fioghair na croise ar dhóirse na mbothán le fuil na gé a marbnighthear ar Oidhche Lae Mháirtín.Nuair bhíonn bó tar eis laoigh do bhreith doíghtear an fionnádh da h-uth le coinneal beannuighthe agus cimilightear Salann dá drom. Cimilghtear min-choirce nó bran don laogh agus lígheann an bhó annsan é.Cuirtear easair tuighe fuíthí annsan. Crúdhtar an bhó agus tugtar an chéad dá crúdh do'n láogh mar bhíonn sé ró-laídír. Uaireannta béirbhightear an grúth-nus agus ithtear é. Tugtar cuid den nús do na comharsanaNuair a bhéarrtar capall fágtar an fionnadh sa stábla go ceann seachtaine.Fadó crochtái crúdh capaill sa stábla chun rath a hur ar capallaibh agus búaibh.(Ó NA PHAÍSTÍ SCOILE)- Bailitheoir
- Páistí scoile