Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Déanta", arsa Domhnall. "Anois teabáin dom iarracht níos fearr", ars an búistéar.
Rug Domhnall ar an tuagh, leag sé a chos in áirde ar an bloc, d'árduigh sé an tuagh thar a cheann agus bhuail sé a bhróg. Do scoilt sé an t-uachtar agus an bonn idir a dhá ordóig gan baint le n-a chois. "Nach sin iarracht níos fearr" arsa Domhnall.
"An iarracht do b'fhearr dá bhfeaca mé riamh", ars an búistéar agus thug sé an púnt do Dhomhnall.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag éisteacht le fear eile ag innsint 'dé mhéid tigh ósta a d'ól sé ann. "Is dócha", ars an fear eile, "gur ól tú i dtigh Donncadh an Channa".
"Níor ól mé", arsa sé, "cá bhfuil an tigh sin?".
"Seacht míle taobh thíos d'Ifrionn" ars an fear eile. (gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag éisteacht le fear eile ag innsint 'dé mhéid tigh ósta a d'ól sé ann...”
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag éisteacht le fear eile ag innsint 'dé mhéid tigh ósta a d'ól sé ann. "Is docha", ars an fear eile," gur ól tú i dtigh donncadh nd Channa".
"Níor ól mé", arsa sé, "cá bhfuil an tigh sin?"
"Seacht míle taobh d'Ifrionn" ars an fear eile.- Faisnéiseoir
- R. Ó Riain