Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sluagh:
Deiridís fadó dá gcuirfí duine i dteampall nár ceart é bheith curtha ann chun é bhreith leo.
Deiridís gur sluagh mothell an sluagh ba laidre i gCae Phuirtláirge i sluagh muigeilige an tarna sluagh. Deiridís go raibh curtha i dteampall muigeilige triúr fear a bhí ana láidir, muireadach an dranntáin, gearaltach an bhuille mhóir i Domhall Camh ó Suilleabáin i go bhfuil an gearaltach an bhuille mhóir curtha treasna an geata dul isteach sa tslighe ná fuigheadh aoinne dul isteach nár tháithnigh leis. Bhí fear timhcheall na h-áite seo tamall ó shohin i bíodh sé ag rádh nuair a bhí sé beo gur sa Caisleán nuidh ba mhaith leis bheith curtha. Ní raibh aon daoine muinnteardha aige i nuair a fuair sé bás dobhairt na comhursain go gcuirfidís sa roilig ba giorra dóibh é i do chuireadar. An oidhche as a dhiaidh bhí fear ar an mbóthar idir an dá roilig nuair do chuaidh stoirm thart i leag sé tigh beag a bhí ar thaobh an bhóthair ós a cíonn. Níor airigh aoinne eile san áit stoirm ná gaoth ná aon rud eile i deir na sean-daoine gurbh é an sluagh a bhí ann ghá thabhairt go dtí a theampall féin.- Faisnéiseoir
- R. Ó Riain