Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Leathanach 265
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Páirc an Fhia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Fadó bhí an-chuid duine in a gcomhnuidhe i bPáirc an Fhiadh agus bhí tobar breágh doimhin ann in a bhfuighidís a gcuid uisce.
Lá amháin tháinig bean déirce nó bean siubhail agus do nigh sí éadaighe salacha ins an tobar agus ar an bpoinnte do thráigh an t-uisce agus ní raibh braon le feicsint.
Bamhór an cruadhtan e dos na daoine bochta a chomhnuigh ann mar b'éigin doibh dul go dtí tobar eile a bhí i bhfad uatha fé dhéin uisce.
Tamall ina dhiaidh sin tháinig bean des na comhursain go dtí an tobar. Do thug sí leí coinneal beannuithe agus uisce coisrighthe. Do las sí an choinneal agus do dhoirt sí an t-uisce coisrighthe ar an áit, annsan do chuaidh sí síos ar a glúnaibh agus d'iarr sí ar an Maigheean Muire an t-uisce a bhreith ar ais, agus ar an nóimeat do líon an t-uisce ins an tobar arís.
Ó'n lá san go dtí an lá indiu tugtar "Tobar na Maighdine Muire" ar an tobar agus deirtear gur leighiseadh a lan daoine ann, daoine a bheadh cosa tinne nó súile tinne acu.