School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Teacher: (ní thugtar ainm)
![The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_025](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_06%2FCBES_0070C_06_025.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_025
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 06_025
- XML “Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uasal nach dtiocfadh a mhac ar ais, nó go rachadh sé féin agus a mhac abhaile. Mar nach raibh a fhios ag aondhuine cá raibh an eochair a bhí indhan an glas a bhaint den chóra. Cuirfidh mé teachtairí go dtí iad arsa an duine uasal, agus inniseócha siad dóibh cá bhfuil an eochair. Dá mbeadh tú dhá innseacht doibh go deo arsa Gobán ní bheidis indhon é a fhághail. Scaoil an duine uasal amach Gobán Saor agus a mhac annsin. Nuair a chuaidh Gobán agus an mac abhaile scaoil siad mac an duine uasail abhaile. Bhí an duine uasal ar buille nuair nach raibh Gobán agus an mac dá gcois aige ach b'éigin dó sur suas leis.
Aon lá amháin dubhairt Gobán leis an mac a dhul ar an margadh le craiceann caorach agus an craiceann agus a luach a tabhairt abhaile aige. D'imthigh leis an mac agus chuaidh sé ar an margadh leis an gcraiceann caorach. Tháinic na daoine agus bhí siad ag ceannacht an(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Informant
- Peadar Ó Flannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 37
- Address
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe