Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na mac féin a dhul go dtí teach Gobain agus an rud sin a thabhairt chuige. D'imthigh leis an mac agus chuaidh sé go dtí teach Ghobáin. Nuair a tháinic sé isteach sa teach d'fiafruigh siad de cá raibh sé ag dul. Dubhairt sé go raibh Gobán Saor agus a mhac ag a athair agus nach scaoilead sé amach iad no go ngeobfad sé cor in aghaidh a coir gus cam in aghaidh an chaim. Bhí a fhios aca go maith nach raibh a leithide sin de rud sa teach.
Dubhairt siad le mac an duine uasail go raibh sé sa gcóra, Thóg siad an claibín den chóra, agus dubhairt siad leis é a thógáil aníos. Chrom sé síos sa gcóra le na thógáil aníos. Nuair a fuair siad cromta síos sa gcóra é chaith siad síos ann é agus dhún siad an claibín aríst agus cuir siad an glas air.
Ní raibh a fios ag an duine uasal cén fáth nach raibh a mhac ag teacht ar ais. Bhí a fhios ag Gobán go maith céard a d'éirigh dó, agus dubhairt sé leis an duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. Galway