Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 404
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Ó tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh 'n féar”
Ceann eile.
(Sí Nóra ní Dhubhthaigh a thug an t-amhran seo damh Samhain 1936. Féach ar leathanach a 3)
I
Ó tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh ‘n féar
Agus tuitfidh ‘n duilleag ó bhárr ua gcrann.
Tiocfaidh mo [rún-sa]? le búnadh an lae,
Agus buailfear an tsiubhal le [cuiuaidh]? na diaidh.
II
Ó pleáid ar an fhairrge nach í tá mór,
Is í dul idir mé ‘gus mo mhíle stór.
Sí d’fhág ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin.
‘S gan dúil ar do fheiceail a choidheh’ níos mó
III
Sgairt mé aréir agan doras thall;
Sgairt mé arís rabh mo rún le fághail.
‘Sí dubhairt a Daidí liom nach rabh sí ann.
No gur éalaigh sí aréir leis an buachaill donn.
IV
Tá ceathar agus cúig aca ar an “rank” amháin;
Sí mo bhean féin í an bhean b’fhearr.
Tá blas na ineall’ uirthi agus ribiní buidh;
Nach an “pasy” áluinn í, sí gradh mo chroidhe.
V
Tá an oidhche seo dorcha agus beidh go lá,
Is againn le dul na bhaile ag iarraidh mna,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Ucht Mín, Co. Dhún na nGall