Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 406
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Éamonn Ó’Dómhnaill - 14 bliana - páisde scoile - as na Brocachaí, Clochan Liath. Fuair sé an sgéal seo Máire Ní Dómhnaill as Ucht Mín i gClochan Liath. Tá sí 80 bliana. Samhain 1936. - Scríobhtha annseo 12/36.Trathnóna amháin bhí fear as na Rosaibh ag cuartughadh caorach. Ní theachaidh se i bhfad go dteachaidh sé ar seachran. Thainig an oidhche air agus ní rabh fhios aige ca rabh sé. Shuidh sé síos ar charraig agus chonnaic sé solus i bhfad uaidh. Tharraing sé ar an solus. Fear a bhí ann agus [lanntaer]? leis ag cuartughadh a chuid ealaigh. D’innis sé do go rabh sé ar seachran agus nac rabh fhios aige ca rabh sé anois. D’iarr an fear air a dhul leis. Chuaidh. Chonnaic siad solus eile agus d’innis an fear do gur b’é sin a theach-sa agus d’iarr air a dhul ann go maidín nach mbeadh sé fhéin i bhfad go mbeadh sé arais. D’iarr sé air innse do Bhean a’ Toighe gur eisean a chuir ann é. Nuair a chuaidh sé go dtí an teach, chuir an bhean ceist air ca rabh sé ag dul agus dubhairt seisean gur fear a ‘Toighe a chuir ann é go maidín. Dubhairt sise nac [gCanígbheocha]? sí é, agus d’iarr air a bheith ag imtheacht. Rith sé amach arais agus sheas sé ar an tsráid. Bhí fuinneog bheag ar bhinn a thoighe agus sheas sé annsin ag amharc isteach. Ní rabh sé i bhfad ann go dtainig fear isteach agus buideal fíona leis. Thug sé gloinne duithe agus d’fhag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall