Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 431
- XML “An tAonach”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)achan phunnta a gheibheann sé, agus [laicse]? an t-ainm atá air an t-airgead sin. nuair atá an beataidigh ceannuighthe gearrtar cuid acha le siosúr, cuirtear dhath dearg air cuid acha fosta, agus gearrtar giota de’n chluais de chuid acha, le marchanna a chuid ortha. Bheireann an fear a dhíolfas an ceannrach a bhíos thart ar mhúineal an chapaill no an bhó do’n fhear eile. Aonach an t-Samhraidh agus Aonach an Gheimhridh na h-Aontaighe is mo sa cheanntar seo. Bíonn aonach ann í gcómnuidhe fa-choinne caoirigh agus capaill agus sin Aonach an Gheimhridh. Aonach an Gheimhridh is fearr de na capaill agus Aonach an t-Samhraidh is fearr de na caoirigh.
- Leighiseanna.
Leighis do’n truch.
Trí dheoch uisce a ól amach as béal brice agus annsin ní bhéadh an truch ort níos mo.
Leighis d’on bhruicineach.
Cul -fáich a chur síos ar bhraon bainne agus é a bhruith go maith agus nuair atá sé bruitte caitheann muid ar shiubhal an chúl-fáich agus ólann muid an sugh.
Leighis eile fa choinne an truch.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall