Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 609
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidreacha
Iosa mhic Iosa agus athair a tsluaigh is tu dhort fuil do croidhe ar mo cheannacht go cruaidh go rabh tu agam mo shuidhe, mo, luighe as mo chodhladh sa t-suain is go n-ibir tu ac sinaointeadh malluighthe i bfad uainn. Comartha mhic a duine agus piochtúir aon mhic Dé, slán leath a bhuirnín is ort a saothrughadh mé go rabh didéan ag m’anam o Iosa d’fulaingh a phais nach go rabh mé saor o peacaidh go bpillfhidh mé ort airist. Naomh Muire taobh mé fein leath aingéal Dé go rabh tu i mo choimeadh nach sgar liom go soillsiughadh Dia orm. Cumhdaigh agus coimheadh mé anois agus ar uair mo bhais.
In ainm an athair le buaidh. A mhic a d’fulaingh a phian a Maighdhean Mhuire agus do mhac go sibh linn ar dtrian. A Mhuire threan-throchaireach nach mor é mo eagla roimhe do mhac. A Mhuire trean-throcaireach go rabh tu impide ar do aon mhac an t-ualach trom ata os cionn m’anam bocht a togail damh anocht.
Tri aithine ta mé ag iarraidh ort a Críost. An chead aithine mé a shabhail o dhamnughadh siorruidhe, an dara aithine o sgannail shaogalta agus an triomhadh aithine m’anam a thabhairt na glóire siorruidhe.
Síntear mé sa leabhaidh seo anocht mar shintear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Giolla Chearr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ánna Nic Giolla Chearr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall