Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 625

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 625

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 625
  3. XML “Na Ceártaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Ceardcha
    I bhfad o shoin ní rabh os cionn dhá ceardca sa cheanntair seo. Bhí beirt ar an chlochan liath agus ceann amháin I Litir Mhic Ua Bháird. Tá ceann stáin ar na ceardca anois ach ní rabh ortha ach ceann tighe. An doras abhí ortha beadh sé deánta ar an bhinn agus é iongantach cruinn. An gabh a bheadh ann í bhfad o shoin beadh siad iongantach láidir agus ghlacadh siad a bheith láidir no ní rabh na h-uirlisí aca ata aca anois. Bheadh an doras deánta ar an bhinn agus é iongantach cruinn agus crúth capaill os cionn an dorais aca. Bhéadh an crúth I bhfastodh go cruaidh san doig nach dtuitfeadh sé do. Bhí gabh na chomhnuidhe thart annseo am amháin agus bhí sé iongantach láidir. Bhí sé comh láidir nach rabh duine ar bíth abalta a bhuaileadh. Ní rabh moran eolais aige ar na daoine agus ní rabh moran eolais ag na daoine air. Bhí achan dhuine ag troid leis ach ní rabh duine ar bíth abalta an bhuaidh faghail air. Nuair a chonnaic siad nach rabh siad abalta é a bhuaileadh thoisigh siad a dheánamh phoitín agus a thabhairt do le h-ól mar shíl siad go dtiocfadh leo a bhuaidh a fhághail mar sin. Lá amháin bhí sé ag ‘ul un aoinigh agus casadh fear air agus thug sé cuid mhór póitín do le h-ól. Nuair a d’ól sé an póitín cuir seo olta é ach do réir mar bhí sé ag éirigh olta bhí sé ag éirigh níos láidhre agus bhí sé ag buaileadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nial O Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall