Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 633

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 633

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 633
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsin tháinig na geacha fiadhna amach, d’amharc an fear ortha agus chonnaic sé an ceann a rabh a cuid eiteogaí síos leis. Bal deir an (bhean) fear cuirfidh mé mo lam ar an cheann seo ach creideam nach bhfuil me ceart. Tá tu ceart go leor agus ar an bhomaite d’éirigh an gasúr in a sheasamh. Nuair a fuair siad na bhaile bhí na daoine uilig cruinnighthe ag fuireacht leis an ghasúr. Bhí oidhche mhór aca agus ní dheachaidh siad na bhaile go cionn seachtmhain. Bhí t-airgead caithe aca agus bhí siad bocht airist. D’imthigh siad go Litirceanainn agus bhí aonach ann. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach do’n bhaile mhór dubhairt an gasúr go dtiochfadh leis é féin a tionntadh isteach in capall agus d’iarr sé ar an athair é a dhíol ach gan leigint do dhuine ar bith é a cheangail no na dtiochfadh leis a teacht na bhaile.
    Rinne an gasúr seo agus nuair a bhí siad ag gabhail isteach an bealach mór casadh da fear air agus cheannuigh siad an capall uaith. Tug fear aca an capall leis agus dubhairt an fear gur sin gnás a bhí aige ariamh nuair a dhíoladh sé capall go gceangaileocadh sé é. Dubhairt an fear go rabh sin maith go leor d’imthigh siad sios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Giolla Cearr
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Mac Giolla Cearr
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teanga Mheáin, Co. Dhún na nGall