Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 640
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tseomra. Bhí aran annsin agus gearr siadh giotha de. Fhad agus bhí siadh ag gearradh is amlaidh a bhí an t-aran ag eirighe nios mo. Tainig siadh isteach go seomra eile, agus bhí cuilin na luighe ann a ba deise da bfacha siadh ariamh. Bhí claideamh na sheasamh leis an bhalla, agus scriobh an mách a ba sinne a ainmh fein, aimh a atair, agus ainmh an cailín. Bhí Rí ann agus bhí mách og aighe, agus tugh sé leis gardha saigdiuirí. Tainig sé go dtí an teach seó, agus d’iafruigh sé do’n fear an rabh mach ar bíth aighe, dubhairth seisean go rabh. D’iarr sé air é a tabhairth amhach. Nuair a tugh sé amhach é cuir an Rí fáinne suas ar a mear, agus dubhairth, na innis bréag arais nó bainfidhe an fainné an méar duith. An rabh tú ariamh í ngarraidhe Riogh an domhan Thoir dubairth seisean go rabh agus baineadh an méar dó agus marbadh e. Rinn sé an cleas ceadna leis an dára mach, agus nuair a chuir sé an fainné ar an triomadh fear, dubhairth seisean go rabh sé fa garraidh agus scriobh se a ainmh féin, ainmh a áthair agus ainmh an cailín a bhí na luighe annsin. Creidh an Rí é agus posadh an fear seo agus an cailín agus níl fios agamh-sa caide tarla(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Aonthain a Cailín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall