Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 36

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 36

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 36
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go leór. Fuair sí an créatúir tarnocht, agus í istoigh faoi’n leic ag saothruighadh an bháis. Thóg siad aníos í, chuir an bhaintreabhach chuid d’á cuid cirteach féin uirthí, agus thug siad leobhtha ‘na bothóige í.
    Nuair a tháinig sí chuicí fhéin, d’fiafruigh sí do’n bhaintreabhach an leigfeadh sí do n-a mac a dhul le leitir duithe-se go caisleán an Ríog, go rabh an casán fada, agus go gcaithfeadh sé a bheith annsin róimh a’ trí, nó go ndruidtear geaftaí an chaisleáin ar a trí ó’chlog gach lá. Dubhairt sise go leigfeadh cinnte, agus in am ghearr d’imthigh an gasúr ag tarraingt ar an chaisleán, agus ba mhaith an maise dó bhí sé annsin i dtráthaibh an trí. D’fhan sé ag an gheafta ar feadh tamaill agus ní rabh sé i bhfad go dtáinig an gárda leis an gheafta a dhruid agus a chuir faoi ghlas. “Seo chugat leitir fa choinne an Ríogh” ars an gasúr, “agus h-iarradh ormsa gan imtheacht go bhfeicinn an (righ) rí.” D’imthigh an gárda isteach leis an leitir agus in am ghoirid thainig an Rí agus an bhainríoghán amach, agus thug isteach an gasúr agus choingbhuigh go maidín é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nora Bean Uí Bhranainn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Grial, Co. Dhún na nGall