Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 49
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht a choingbhaile aige (do) féin.” “Ma’s fíor sin is tú mo bean-sa, ar seisean. Thug sé leis í go dtí caisleán a bhí aige - caisleán a ba deise ‘a bhfaca a’n duine ariamh.
D’innis sé duithe gur Rí a bhí ann a bhí faoi geasaibh, agus dubhairt sé go dtiocfadh leis a beith na mhadadh san lá agus ‘na fear sa oidhche sin, nó ‘na mhadadh san oidhche agus ‘na fhear san (oidhche) lá - cia bith acu bhfearr léithe. Dubhairt síse go rabh sé fá bhaile an cuid is mó de’n oidhche agus go rabh sé ar siubhal an cuid is mó de’n lá, agus dubhairt sí go mbfearr do a beith na fhear san oidhche agus in-a mhadadh sa lá. “Maith go leor”, ar seisean, “béidh mé mar sin”. Bhí sí aige annsin lá agus bliadhan go dtí gur’ ubhairt sise lá amháin go rabh sí ag dul na bhaile a d’amharc ar a mhuinntir. D’iarr sé uirtí fanacht san áit a rabh sí, gur b’fearr díte ann, na dul na bhaile.
”Chaithfidh mise a dhul”, ar sise.
“Maith go leor”, arsa seisean.
D’imtigh sí, agus cupla lá ‘na dhiaidh sin bhí leanbh beag aicí. Baisteadh an leanbh agus bhí oidhche mhor acu. D’ól siad agus cheol siad agus thuit siad uilig ‘na gcodladh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall