Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 70](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_70.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 70
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 70
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na gcodhladh thoisigh an taidhbhse a brughadh (leis ar fad nó go) agus a brugadh nó gur chuir sé an fear bocht fríd an bhalla, bhí sé ag brugadh leis ar fad nó go rabh Domhnall chóir a bheit fríd an bhalla fosta “camh, cam” arsa Domhnall. Thug mise teinidh duit agus leabaidh fósta, agus cáide a beithea ag dul a déanamh. Stad an taidhbhse de a bhrughadh. D’iarr sé ar Domhnall gabhal amach ar maidin lá thar na bharach, agus an garraidh sin amach a romhar, agus go bhfuigheadh sé croc óir i gceann de agus croc airgid ag an ceann eile. D’innis sé do Dhomhnall go rabh seisean na chomhnuidhe ins an teach seo an chead uair agus gur bé a d’fhág an t-airgeadh ins an gharraidh, agus nach bfuigheadh sí suaimhneas go n-inseochadh sí de duine eiginteacht cá rabh an t-airgeadh aige. D’iarr sé ar Domhnall leath de a coingbéal leat de a thabairt de’n fhear a chuid amach ar an bhalla aréir agus agus agus chuid eile a rann air na bochta. Nuair a d’éirigh Domhnall ar maidin thoisigh sé agus romhar sé an pháirc, agus fuair sé an t-airgead. Rinne sé leis mar d’iarr an taidhbhse air. Coinnigh sé a cuid féin de, agus d’imtigh sé na bhaile chuigh a mhathair agus chuig Diarmaid. Bhí luthghair mhór ortha fa na choinne Thug sé an t-airgead daobhtha, agus bí siad go maith o’n lá sin amach.
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Dhún na nGall