Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 83c

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 83c

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 83c
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iontach cliste. Ar an adhbhar sin bhí achan duine go h-olc do cionnus nach rabh siad fhéin comh cliste leis. Fuair sé cuireadh chuig féasta oidhche amháin. Annsin tháinig sé fhéin agus a bheathadhach chuig an fhéasta. Bhí cuid mhór daoine ann agus beathadhach le achan dhuine aca. Chuir achan duine aca a bheathadhach fhéin isteach sa stábla agus chonnaic siad bheathadhach an fhir cliste istuigh san stábla fosta. Dubhairt siad leo fhéin go n-gearrfadh siad an dá chluais dó agus rinne siad sin. Nuair a tháinig an fear ar leis an beitheadach amach go dtí an stábla ní rabh cluas ar bith air a bheitheadheach agus bhí fearg mhór air. Annsin thug sé leis sgian agus ghearr sé achan beiteadheach aca ón bhéal suas go dtí an dhá cluais. Tháinig sé isteach un toighe annsin agus ní rabh fhios ag duine ar bith caidé a bhí sé a dheanamh amuigh. Nuair a bhí an féasta thart tháinig achan duine amach ag gabhail a thabhairt leis a beitheadheach fhéin ach nuair a tháinig siad isteach sa stábla bhí iongantach mór ortha nuair a chonnaic siad an rud a rinneadh air a gcuid beitheadhach. Chuir siad céist air a cheile caidé a tháinig ortha. Ins an deireadh dubhairt an fear cliste, bhí siad ag gairidhe faoi mo bheitheadhach-sa (agas) agus stróg siad a mbéal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnsias Mac Suibhne
    Inscne
    Ní fios