Scoil: Cuilleán

Suíomh:
Cuillaun, Co. Mayo
Múinteoir:
León P. Mac Eachmharaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuilleán
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste Óir i bhfolach
    Dubairt Brighid Tunney liom atá in a comhuidhe i mBuaile Buidhe go raibh ciste óir i lios Seán Duffy fá chrann atá i lár na leasa. I n-aimsi[r] na Lochlannach a cuireadh annsin é. Cuireadh éadaigh agus biadh i bhfolach freisin ar eagla na nDanar.
    Tá carnán cloch ins an áit a raibh staighre a' dul síos go dtí an áit in a bhfuil an t-ór. Dá mbá mhaith le duine an císte óir a fhághail do féin éigin dó uisce coisreacha a' chaitheamh ar an gcat mó[r] dubh atá 'á chosaint agus focla áruighthe a rádh
    Fuair fear darbh ainm Tomás Ó Laighin dhá chis[te] óir ar thaobh an bhóthair láimh le Béal Átha h-amhnais. Oidhche amháin nuair a bhí sé i n-a codladh, tháinig guth go dtí an fhuinneóg a' rádh leis éirigh agus dul go dtí an crann a bhí i n-aice a thigh[e] le spáid agus an talamh a rómharadh faoi an gcrann. Rinne sé amhlaidh. Níorbh fhada gur tháinic sé go leic ar a raibh an sríobhadh [!] seo:- "Ar an taobh eile de'n bhóthar tá ceann eile". Níor innis sé riamh do aoinne na focla a bhí le rádh aige no ainm an duine a dubhairt leis go raibh a[n] t-ór annsin.
    'Sé an t-ainm atá ar an lios atá i bpáirc Seán Duffy garrdha Uí Chonchubhair. Tá sé suidhthe ar an dtaobh thoir theas de teach Seán Duffy. Is féidir í a fheiceál míle no níos mó ó gach áird.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aibhistín Ó Channaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Boleyboy, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Brigid Tunney
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Boleyboy, Co. Mayo