Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 763
- XML “Bia sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biadh sa t-sean aimsir
Fadó d'éirigheadh na daoine go h-an mhoch agus go mór mhór nuair a bhíodh na fataí le baint bhíodh siad ina suidhe roimh an lá agus cuireadh siad orthu na bróga le solas cipíní no coinle mar ní bhíodh aon lampaí aca mar atá anios.
Theigheadh siad amach ag obair annsin ag fáinne an lae agus ní iosadh siad bricfasta ar bith roimh iad a dul amach nó go dtigeadh siad isteach aríst timcheall naoi nó deich a chlog. Bhíodh pota fataí nó pota starraigh bruithte ag bean-a-tighe nuair a thigeadh siad isteach. Chuireadh siad na fataí isteach i mbascéad agus leagadh siad an bascéad i lár an urlár ar phota nó rud éicint agus shuidheamh an tigh thart ag an mbaiscéad ansin. Shuidheamh an cuid is mó acu ar stólta agus an chuid eile chaitheadh siad iad féin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo