Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 175
- XML “Féile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn Féil' Bríghde ann an chéad lá de Feabra. Tá meas mór ag muintear na h-áite seo ar an Naomh. An oidhche roimh an Féile téigheann Bríghdeóigí thart ó theach go teach agus éadaighe bréige ortha ionnas nach mbeadh aithne ag duine ar bith ortha. Déann siad ceól agus damhsa i ngach teach Bailigheann siad go leór airgid. Déanann an fear an tighe cros i n-onóir Naomh Bríghid, agus crochann sé suas ar bhárr an tighe-é go deireadh na bliadhna. Creideann na daoine tré cúmhacht Naoimh Bríghde go mbéadh an teach slán ó gach anachan. Crochtar ball éadaigh taobh amuigh ar eagla go mbéadh call leis ó Naomh Bríghid. agus fágtar amuigh é go maidin. Má thagann galar ar duine nó ainmhidhe deirtear go leiseócaidh sé iad.
Bríghid Ní Fhlannaidhle
Rang a VII- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhlannaidhle
- Inscne
- Baineann