School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 191
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)BOGLUSCuirtear duilleóg don plannda seo ar gearradh ar do mhéir chun é leigheas
LUS na gCNÁMH (Comfrey)Leigheasann sé scoilteacha. Nígheann na daoine a gcosaí agus a lámhaí ins an uisge a bhfuil sé bruithte ann. Cuirtear leis an bonn-bhualadh freisin é.
BÁCHARÁNBruithtear i n-uisge é. Cuirtear an súgh i gcrúisgín; ólatar cuid de gach maidin i mí na Márta; tá sé go maith le h-aghaidh an t-sláinte i gcoitcheannta.
CRIOTAL nó CREATALGeibhtear dath donn ó'n luibh seo. Cuirtear an t-éudach agus an Criotal síos i bpota uisge le bruith
CAISRBHÁNTugtar de na mucaibh é le n-a reamhrú
CARRAIGÍNBruithtear é i n-uisce nó bainne; leigheasann sé droch slaghdán agus déantar putógaí de
DUILEASCBruithtear é i n-uisge; tá sé go h-an-mhaith le nithe.- Collector
- Cáit Ní Chearáin
- Gender
- Female