Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 191
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)BOGLUSCuirtear duilleóg don plannda seo ar gearradh ar do mhéir chun é leigheas
LUS na gCNÁMH (Comfrey)Leigheasann sé scoilteacha. Nígheann na daoine a gcosaí agus a lámhaí ins an uisge a bhfuil sé bruithte ann. Cuirtear leis an bonn-bhualadh freisin é.
BÁCHARÁNBruithtear i n-uisge é. Cuirtear an súgh i gcrúisgín; ólatar cuid de gach maidin i mí na Márta; tá sé go maith le h-aghaidh an t-sláinte i gcoitcheannta.
CRIOTAL nó CREATALGeibhtear dath donn ó'n luibh seo. Cuirtear an t-éudach agus an Criotal síos i bpota uisge le bruith
CAISRBHÁNTugtar de na mucaibh é le n-a reamhrú
CARRAIGÍNBruithtear é i n-uisce nó bainne; leigheasann sé droch slaghdán agus déantar putógaí de
DUILEASCBruithtear é i n-uisge; tá sé go h-an-mhaith le nithe.- Bailitheoir
- Cáit Ní Chearáin
- Inscne
- Baineann