Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nach mbrisfidh mé choidhche
I gcomhluadar bán óg go deo,
Ní shuidhfidh mé síos,
Is
Is mé cráidheadh leo i dtús m'óige,
Mo chreach, fairíor,
Is gur b'iad cailíní bhun an bhóthair.
Mhúin an t-eolas dom amach go Tráighlí.Tá mo chóta mór stróicthe ó Dhomhnach
Go talamh liom síos,
Is an t-é chuirfeadh cóir air ' sé mo nhrón
Tá sé i bhfad as mo lín,
Ní'l aon fhear a phósfadh mo stór,
Is mé bheith ina dhiaidh,
Nach mbainfinn an tsrón de
Nó be mhór mhór a cáirde sa tír.Nuair théidheanns an t-aos óg,
'Sé mo bhrón amach ins an lá,
Méaduighim ar mo dhólás,
Is réabthar míle osna 'mo lár,
Nuair smuainighim ar mo mhíle stór,
Bhéarfadh ól dom is imirt ar chlár,
Go bhfuil sí ag fear eile pósta,
Is gur treoruidhe bocht mise atá le fan.