School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Achaidh
- XML Page 230
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
Thíos faoi tá liosta nó cnuasacht de na h-ainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na h-ailpreácha atá san fhaill a shíneann ó Ghob Dubh Mhíola (?) (atá suidhthe ar bheál an Chuain Daill ar an dtaoibh dheis) go Gob Chaisil atá suidthe i gCreagán an Líne.N.B. Tá "Cuan Dall" díreach ar an dtaobh thuaidh de Sgoil Shean-Achaid.
UAIGH a' TAIRBH:-uchais an-fhada caol seadh an uchais seo, sí an ceann is goire do Ghob Dubh Mhíola. Sé a dubhairt an sean fhear gur bádhadh tarbh ann , agus gurabh uaidh sin ar h-ainmnigheadh é. Ní mhoide (?) gur mar sin athárla, mar bhí an talamh atá buailte leis an bhfaill i seilbh Carson agus do bíodh tréád mór ag fosaidheacht ar an talamh sin.
UAIGH SHUIBHÁIN NÍ CHUINN:- Bhí bean san gcomharsanacht gurbh ainm Siubhain Ní Chuinn dhí. Is amhlaidh gur imthigh sí síos i dtreó na faille lena cuid bó a chruinniú. Bhí ceann des na buaibh ann a bhí an fhiadhain, agus chuaidh sé de sciúir (?) i dtreo na faille, ceád a rinne Siubhán greim a bhreith ar iarbail na bó ag iarraidh í a tharraingt siar, ach b'é a thála nó gur tharraing an bó Siubhan bhocht isteac san ailp san fairrge go bhfuair an pluais an t-ainm dá bhárr sin.(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Maolálaigh
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo