School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Achaidh
- XML Page 221
- XML “Brian Rua Ó Cearbháin”
- XML “Long an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé ar aimsir le feirmeoir nuair a bhí sé ina stócach agus is iomdha cineál oibre a bhíodh le déanamh aige. Sé ceann de na duadaibh a bhíodh aige ná na ba a bleogán de ló 's d'oidhche. Tárla amhlaidh, gur cheannuigh a mháighistir bó ar an aonach lá agus do thug an máighistir taithneamh speisialta don bhó chéadhna. Toiligheach a bhí innti. Dubhairt an máighistir le Brean lá a dul amach leis an mbó a bhleoghán, ach d'orduigh sé dó Brean gan an chéad braon bainne a thálfadh an bhó a ól. Ghobh Brean amach mar do h iarradh air, ach má ghobh níor chuimhnigh sé ar bhriathar a mháighistir. D'ól sé an céad braoinín agus deirtear go raibh buaidh na tairngireaithre aige ón am sin amach.
- Chuaidh "Brean Ruadh" ar an aonach lá agus chuaidh sé ann le bó a thiubhradh braoinín beag bainne do, a cheannacht. Chuaidh Brean agus é ar intinn an bhó a cheannacht, agus gan cianóg ruadh san bpócha ag an bhfear bocht. Do chonnaic sé bó ar a mhian agus dhruid sé le chois an fhir gur leis í.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male