Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)
- Suíomh:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballycastle Boys'
- XML Leathanach 052
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-ainm atá ar an áit seo mar gheall ar go raibh gort annseo fadó cun éadaigh a gealladh ann.Tá go leór daoine thart annseo ós cionn 70 blíadhain. Tá seanduine thuas i gCnoc Leaca Líagha ós cionn 70 blíádhain. Peadar Breathnach is ainm dó. Tá go leór sean amhráin agus sean scéalta aige. Is féidir leis scéalta a innsint i mbéarla agus i nGaédilg acht is fearr leis an Gaédhlig. Bhí sean duine i Lorg na gCon agus fúair sé bás bliadhain ó shoin. Pádhraic Mac Gíollarnáth an t-ainm a bhí air. Bhí sé indhónn sean scéalta agus sean amráín a innsint i nGaedhilg agus i mBéarla. Théigheadh na cirí scol síos cuige cun sean amhráin a fhágháil uaidh.Tá a lán sean fothracha thart an áit seo agus go mór mhór ar thaobh cnuic Leaca Líagha an áit a bánughadh trí teallaigh. Ó Duibhín, Ó Thaidhg, agus Mac Pháidín i 1859. B'é Ministéir De Búrca a rinne an bánúghadh le talamh a fhághail le mairt a thógáil i gcóír Shasana. Thairig gach teach díóbhtha sin céad púnt do'n tíghearna acht íád a fhághail ann act ni fágfaidhe. Do siubhail ceann de na Duibhin agus ceann de na Taidhg cómh fada lé Droichead Átha go bfhuigheadh síad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán De Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gortatoor, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Lackanhill, Co. Mayo