School: Eanach Mór (roll number 13912)
- Location:
- Annagh More, Co. Mayo
- Teacher: Mártain Ó Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eanach Mór
- XML Page 27
- XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(126)D'ith sodar socar uainn
Chac intheach ar agaidh linn
Sid amach ciuineas le glóir in do shuaimhneas
Agus murab fhuil an iondualaith in do aice
Tá do ríoghachta faoi aon ghlóirsodar = mada
socar = cáca
intheach = bó
aghaidh = leabhar
ciuineas = an cat
iondualacht = uisge
(126a)Leagan eile é seo a chualas ó Mhícheál Ó Conamháin, Duthaigh ThuamaScoláire bocht a bhí ar lóistín agus níor thaithnigh leis an chaoi a cuireadh suas é adubhairt é seo:-"A fhear a' tíghe tá Sámuis le glór faoi do shuaimhneas agus mara bhfuil an iomarca de'n iondualacht agat gabhfaidh do theaghlach (nó theallach ?) i n-aon ghlór"
127) Is fiúntaighe poll ná paiste(bhéadh sé níos fuintaighe poll a bheith i do chuid éadaigh ná paiste)
128) Ní raibh an donach dorta riamh(if you didn't get it you could not spill it)
129) Dia linn a mháithreach(nuair a dóirtear bainne)
130) Scarradh agus buaidh agus biseach ar mo leanbh a deireadh na sean daoine nuair a bhéadh an leanbh ghá searradh féin
131) Nuair a thig na míola tig na sneáith(ní thigeann mí-ádh i n-a aonar)
132) Sláinte agus saoghal agat, bean ar do mhian agat, talamh gan cíos agat agus ?(continues on next page)- Collector
- Mártain Ó Braonáin
- Gender
- Male